Ár dtosaíochtaí maidir leis an Eoraip - na nithe a dtroideann muide na Glasaigh ar a son

A vótálaithe dile,

Anois an t-am le dul i ngleic le hathrú aeráide. Anois an t-am leis an daonlathas a chosaint. Anois an

t-am leis an bhfód a sheasamh in aghaidh an fhuatha agus an chiníochais. Anois an t-am le troid ar son an cheartais shóisialta. Anois an t-am le hathruithe a dhéanamh ionas go mbeidh ar chumas shaoránaigh na hEorpa a bhfís a bhaint amach.

Creidimid i bhfís ina mbeadh an Eoraip mar chrann taca ag an ngeilleagar glas, ina gcruthófaí poist mhaithe nua. Creidimid in Eoraip ina spreagfaí an ceartas sóisialta agus ceartas i leith na nglúnta atá le teacht, chomh maith le daonlathas ionchuimsitheach. Creidimid i gcosaint agus i gcumasú na saoránach agus in Eoraip ina mbeadh meas ar éagsúlacht, ina seasfaí le forlámhas an dlí agus ina gcuirfí síocháin idirnáisiúnta chun cinn maraon le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Seo an méid atá tuillte ag ár bpáistí agus ag an domhan araon.

Is mian linn gealladh agus dóchas na hEorpa a athnuachan. Seasaimid le tionscadal na hEorpa. Oibreoimid chun seasamh i gcoinne daoine a dhéanann iarracht cáineadh bailí i leith na mbotún agus easnaimh a chur i láthair ar bhealach antoisceach seineafóibeach frith-Eorpach. Ní ghlacfaimid le hEoraip ina mbeidh náisiúnachas i réim. Creidimid gur éacht stairiúil é aontú na hEorpa. Téann sé chun leasa do mhuintir na hEorpa ar a lán bealaí. Ní ligfimid maidí an ama atá caite le sruth. Beimid freagrach agus tiomanta i dtaca leis an Eoraip, ár n-áit chónaithe chomhchoiteann.

Ní mór cur le haontú na hEorpa ó ghlúin go glúin. Lenár linn féin, tá sé níos tábhachtaí ná riamh seasamh le chéile inár gcuid oibre ar son ár luachanna agus ár suimeanna comhchoiteanna. Le dul i ngleic leis na dúshláin mhóra, ní mór dúinn aontú maidir le comhcheannas na hEorpa toisc nach bhfuil gach náisiún ar leith sách láidir astu féin. Ní mór dúinn déileáil leis na dúshláin agus na deiseanna le chéile mar Eorpaigh. Seasfaidh an Eoraip le hiltaobhachas, cearta an duine, forbairt inbhuanaithe agus coinbhleacht a réiteach go síochánta.

Ní mór an daonlathas a neartú ionas go n-oibreoidh an Eoraip ar son a cuid saoránach. Ní mór breis forbartha a dhéanamh ar chreat institiúideach an AE ionas go mbeidh sé ina dhaonlathas il-leibhéil iomlán, ina ndéanfaidh ionadaithe tofa poiblí cuntasacha gach cinneadh poiblí ar bhealach trédhearcach. Ní mór don chreat seo cur ar chumas na saoránach páirt ghníomhach a bheith acu chun go mbeidh siad inniúil go leor ar bhunathruithe a dhéanamh ionas go mbeidh Eoraip leasaithe níos fearr againn amach anseo. Mar sin ní mór do bhrústocaireacht a bheith trédhearcach agus de réir rialacha ceangailteacha. Sin an chúis a seasaimid le gluaiseachtaí a chuireann dlúthpháirtíocht, freagracht comhshaoil agus aeráide, forlámhas an dlí, an feimineachas, ceartas agus saoirse chun cinn. Is iad seo bunluachanna na nGlasach, a éilímid ar mhaithe le daonlathas pobail. Caithfear an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a leasú lena chinntiú go mbeidh aon dul chun cinn comhroinnte go cóir agus go cothrom agus nach bhfágfar aon duine as an áireamh.

Iarraimid ar gach saoránach de chuid na hEorpa a vóta a chaitheamh. Is annamh a bhí toghchán Eorpach chomh tábhachtach leis an gcéad toghchán eile. Cé acu a bhogfaidh an Eoraip chun cinn i gcomhpháirt nó a thitfidh sí as a chéile, tá sé sin ag brath ar rogha na saoránach, an rogha a dhéanfaidh tusa. Seo a leanas dhá thosaíocht déag na nGlasach i dtaca leis an Eoraip a athrú:

A vótálaithe dhile,

Toghchán cinniúnach atá romhainn ó thaobh thodhchaí na hEorpa. Táimid ag iarraidh an status quo a chloí agus bunathrú a dhéanamh maidir lenár n-iarrachtaí comhchoiteanna ar son thodhchaí na hEorpa. Ní fhanann an domhan thart timpeall orainn ina lánstad, agus ní féidir linne, san Eoraip a bheith ag cur ama amú. Bímis inár ngníomhairí ar son athrú san Eoraip! Déanaimis anailís radacach agus spriocanna físiúla a chomhcheangal maraon le cur chuige réadúil.

Geallann Páirtí Glas na hEorpa go seasfaimid leis na tosaíochtaí atá léirithe againn anseo. Iarraimid ar gach saoránach san Eoraip tacaíocht a thabhairt dúinn chun na spriocanna seo a bhaint amach. Má thoghann níos mó tíortha tuilleadh Feisirí chun Pharlaimint na hEorpa ó na páirtithe glasa, tabharfaidh sé cuidiú dúinn dul chun cinn a dhéanamh, chun na tosaíochtaí seo a bhaint amach, agus déanfaimid iarracht comhghuaillíochtaí forásacha agus tromlaigh a chruthú i gcéad Pharlaimint eile (na hEorpa). Geallann an Páirtí Glas go dtabharfaidh siad tacaíocht d’iarrthóir ceannródaíoch, a thoghfar sa toghchán Eorpach, le bheith mar uachtarán ar an gcéad Choimisiún Eorpach eile, má thoilíonn sé glacadh leis na tosaíochtaí seo.

Déanaimis beart chun Eoraip níos fearr a chruthú.

Go to the full European Green manifesto.

Let's act. Together!

An dtabharfaidh tú síntiús dár bhfeachtas ionas go n-oibreoidh muid le chéile ar son athnuachan na hEorpa?